Friday, August 19, 2011

The Ger Kearney Memorial 4 Mile Run

Ceann dona radharcanna álainne a bhéas
le feiceáil ag na  rannpháirtithe
Tá rith ar siúl tráthnóna amárach i Tombrack a dhéanann comóradh ar shaol athair ceann dona leaids sa chlub a bhíodh ag rith nuair a bhí sé ina fhear óg. Cáilleadh é gan é ach 45 bliain d'aois agus bhí teaghlach lán le gasúir le tóigeáil ag a bhean céile.

Faraor, bhí uirthi cuid dá chuid boinn a dhíol freisin ach bail ó Dhia uirthi, rinne sí an-jab. Tá sé aisteach nuair a eagraíonn tú imeacht mar seo. Tá sé ar nós cóisir a eagrú agus imní ort an dticofaidh aon nduine le dhul ag ceiliúradh leat agus tú théis ualach bia agus deoch a cheannacht.

Níl aon bhia ná deoch ceannaithe agamsa don ócáid seo ar bhealach ach tá na bóithre marcáilte agus chuile shórt eile déanta a théann lena leitheid d'ócáid a eagrú.

Beidh neart bia agus deoch le fáil ina dhiaidh sin freisin Tí Cholmáin mar sin má tá sibh thart buail síos agus bíodh jog agaibh nó mini jog agus píosa chraic ina dhiaidh.
The Cyclist will also be in attendance to run

No comments:

Post a Comment