Friday, July 8, 2011

You gotta know when to fold

Fógra do Phádraic de Paor
Is cearrbhach úafásach mé ach ó am go ham pléascann bolcán dóchais taobh istigh dhom (fuaimeann sé sin go dona) agus ceapann mé go bhfuil mé in ann an beart a dhéanamh. Sampla maith de seo ná nuair a rinne mé accumalator an samhradh seo caite agus corn an domhain faoi lán seol san Afraic Theas.

Imreoirí Uruguay ag ceiliúradh
Dhúisigh mé go luatha ar maidin mar go raibh mé féin agus mo bhean ag dul go Condae an Chábháin ar feith cúpla lá. Bhreathnaigh mé ar mo "World Cup Guide" a fuair mé ón News of the World ahem agus roghnaigh mé ocht gcinn do chluichí. Chuir mé deich gcinn do euros mhilis go mbeadh an bua ag fóirne áirithe - ar a laghad bheadh píosa gáirí againn ag faire amach dona cluichí.

Tráthnóna dé Sathairn agus bhí cluiche amháin fágtha agus na cinn eile ar fad tar éis dul mar a phioc mé iad. Come on Uruguay a bhí mé ag rá agus mé ag breathnú ar an gcluiche a bhí siad ag imirt i gcoinne Ghana. Chuaigh sé go am breise agus bhí an bua acu. Íontach uilig, an pota óir ag fanacht liom sa siopa geallghlacadóireachta agus nach mé a bhí sásta. Bhí muid ag ceiliúradh agus an méid céanna eolais ag Deborah faoin ngeallghlacadóireacht agus a bhí agam féin as in tada! Chuir mé glaoch ar mo dheartháir céile tar éis dom roinnt mhaith téacsanna a sheoladh go bhfeicfinn céard a bheadh le rá aigesan mar go mbíonn seisean ag imirt i gcónaí.

Stereotypical Conamaraman in Londain
In abairt amháin, bhris sé mo chroí agus leis sin mo spiorad. "I take it you put down Uruguay to progress to next round and not to win" Huh? Mhothaigh mé ar nós fear as Conamara i Londain fadó agus gan mórán Béarla aige. "Oi Paddy, hurry up with that concrete and stop talkn rubbish" Sorry Sir, I come over nowa!

Mhínigh sé dom go bhfuil rialacha an gheallghlacadóra an-soiléar agus go gcaitheann an cearrbhach a bheith chomh soiléar céanna ionas nach dtiteann an lug ar an lag nuair a théann tú isteach ar thóir do chuid airgid. Bhí mé in ísle brí ach chuaigh mé isteach acu ar aon nós agus d'iarr mé dóibh an raibh sé fíor an méid a bhí le rá ag mo dheartháir céile - BHÍ. Nach cuma.

Tá mé chun an rud céanna a dhéanamh an deireadh seachtaine seo don chraic agus seo thíos na cluichí atá mé chun a roghnú. Tá rud éicint ag rá liom go dtabharfaidh Loch Garman cluiche maith dona Dubs ach níl an misneach agam seasamh leo don accumalator seo faraor.

P (Peil) I (Iomáint)

An Mhí v Gaillimh (An Mhí)  P
Corcaigh v Gaillimh (Gaillimh) I
Baile Átha Cliath v Loch Garman (BÁC) P
An Dún v Liatroim (Tír Eoghain) P
Port Láirge v Londain (Londain) P
Tiobraid Árann v Port Láirge (Port Láirge) I
Laois v Cill Dara (Cill Dara) P
Ard Mhacha v Cill Mhantáin (Ard Mhacha) P
Longfort v Tír Eoghain (Tír Eoghain) P
Aontroim v Luimneach (Luimneach) I


Ní dóigh liom go mbeidh mé in ann odds ró-mhaith a fháil dóibh seo ach ní bheadh fhios agat.

Le cúnamh dé beidh mé ag ceiliúradh

No comments:

Post a Comment